Skip to main content

ADI

Is éard is iontógáil laethúil inghlactha (ADI) meastachán ar mhéid na substainte i mbia nó in uisce óil is féidir a ithe go laethúil ar feadh an tsaoil gan riosca suntasach don tsláinte a chruthú. De ghnáth sloinntear é mar mhilleagram den tsubstaint in aghaidh an chileagraim de mheáchan coirp agus baineann sé le substaintí ceimiceacha amhail breiseáin bhia, iarmhair lotnaidicídí agus drugaí tréidliachta.